Oiliúint

Acadaimh Náisiúnta Tallainne: Acadamh Chriú an Oirthir
Bunaíodh Acadamh Náisiúnta Tallainne do Chriú Scannáin & Teilifíse an Oirthir (Acadamh Chriú an Oirthir) in 2022, agus is tionscnamh de chuid Fís Éireann é, faoi bhainistiú Mhol Scáileáin Clermont Tá an tAcadamh comh-lonnaithe ag Clermont in éineacht le Fís Chill Mhantáin agus Mol Scáileáin Clermont.
In Acadamh Chriú an Oirthir, cuirtear oiliúint ar fáil do chriú faoi bhun an líne, ag soláthar cosán soiléir do dhaoine cumasacha i dtreo gairmeacha i dtionscal na scannán agus na teilifíse. San Acadamh, dírítear ar dhaoine cumasach ón gcéad ghlúine eile a mhealladh agus tá clár oibre láidir éagsúlachta acu.

Institiúid Breisoideachais Bhré
In Institiúid Breisoideachais Bhré, cuirtear raon cúrsaí a bhaineann le scannánaíocht ar fáil, lena n-áirítear Dámhachtain QQI Leibhéal 5 i Léiriúchán Scannán agus Teilifíse.

IADT
Níl ann ach turas gairid go dtí an Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta thar theorainn an chontae i nDún Laoghaire. Cuirtear raon cúrsaí tríú leibhéal a bhaineann le scannánaíocht ar fáil in IADT.

Oifig Fiontair Áitiúil: Cill Mhantáin
Tá caidreamh oibre dlúth ag Fís Chill Mhantáin leis an Oifig Fiontair Áitiúil, agus spreagaimid go gníomhach gairmithe scannáin agus gairmithe cruthaitheacha a scileanna gnó a threisiú trí bheith ag freastal ar chuid den raon gearrchúrsaí a chuireann sí ar fáil. Tá roinnt léiritheoirí scannán tar éis an cúrsa Tosaigh do Ghnó Féin a chríochnú, cuir i gcás. Ó am go ham, reáchtálann an Oifig Fiontair Áitiúil oiliúint ghnó a bhaineann go sonrach leis an tionscal scannáin.