Mianaigh Luaidhe Ghleann Dasáin, Bearna Chill Mhantáin

Teideal an Léiriúcháin:

Bliain

2002

Suíomhanna eile a úsáideadh sa scannán seo

An Caisleán Dubh
Baile Chill Mhantáin
Cliceáil anseo le haghaidh treoracha

Stiúrthóir

Rob Bowman
Féach ar IMDb

Príomh-Aisteoirí

Christian Bale
Féach ar IMDb
Matthew McConaughey
Féach ar IMDb

Achoimre

An bhliain ná 2024. Tá an domhan nach mór scriosta ag dragain a shéideann tine agus tá na daoine deireanacha atá beo ina gcónaí i gcaisleán in áit iargúlta i Sasana.

Cur síos

Ar cheann de na príomhshuíomhanna taifeadta do Reign of Fire, bhí caisleán/dúnfort nua-aimseartha mór millteach a tógadh i lár Shléibhte Chill Mhantáin, ar bharr seanmhianach luaidhe. Is suíomh an-íogair é seo, i lár Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, agus dá bhrí sin bhí sé tábhachtach an suíomh a chlúdach le brat nó seicin sula dtosódh ar an obair chun athchóiriú an tsuímh a éascú tar éis an scannánaíocht a thabhairt chun críche. Glacadh go leor de na radhairc aeir thar Bearna Bhealach Sailearnáin agus thar Shléibhte Chill Mhantáin. Rinneadh Cairéal Bhuaile na Scornaí in aice le Baile Coimín a chlaochlú don scannán freisin, agus tiontaíodh é ina thalamh dubh gan rath, nach raibh air ach cúpla paiste glasraí. Úsáideadh fothrach an Chaisleáin Dhuibh agus na tailte mórthimpeall, i mBaile Chill Mhantáin, mar reilig. Ba é Stiúideonna an Aird Mhóir a óstáil an scannán seo agus a oifigí léiriúcháin.

Suíomh

Mianaigh Luaidhe Ghleann Dasáin, Bearna Chill Mhantáin

Cliceáil anseo le haghaidh treoracha