Scannánaíocht Déanta
i gCill Mhantáin
Bhí Contae Chill Mhantáin mar chúlra do na céadta scannán agus sraith teilifíse thar na blianta. Téann oidhreacht na scannánaíochta ar ais go dtí 1916, le gearrscannán dar teideal Food of Love a léirigh Cuideachta Scannán na hÉireann, a stiúir J.M. Kerrigan agus a raibh páirt aige ann freisin. Leanadh le léiriú scannán i gCill Mhantáin ó am go ham le linn na chéad scór bliain den 20ú haois, ach tháinig borradh air tar éis bhunú Stiúideonna an Aird Mhóir sa bhliain 1958. Ó shin i leith, tá méadú leanúnach tagtha ar mhéid agus ar scála an léirithe. Le hoscailt agus leathnú leanúnach Stiúideonna Áth na Fuinseoige in 2012, mealladh sraith iomlán nua de léiriúcháin chuig an gcontae, agus bhí sé ina chuidiú le fostaíocht leanúnach a chinntiú don raon foirne oilte a chónaíonn sa chontae. I measc na léiriúchán ardphróifíle a scannánaíodh i gCill Mhantáin le déanaí tá Wednesday (Séasúr 2), Bad Sisters, The Pope’s Exorcist, Cocaine Bear, Disenchanted, The Wonder, The Watchers, Vikings, Braveheart agus The Tudors, gan ach cuid acu a lua. Chomh maith leis na mórléiriúcháin idirnáisiúnta a ghineann na ceannteidil, is i gCill Mhantáin a dhéantar líon mór léiriúchán ar scála níos lú agus líon mór léiriúcháin Éireannacha.