Suíomhanna
Le Sléibhte fhiáine Chill Mhantáin agus an cósta garbh, bothanna iargúlta agus sráid-dreacha uirbeacha, tithe móra stáit agus ailtireacht nua-aimseartha, tagann na gnéithe ar fad le chéile chun raon speisialta éagsúlachta de shuíomhanna a sholáthar le roghnú astu.
“Táimid an t-adh dearg orainn a bheith ag scannánú i gCill Mhantáin ar go leor cúiseanna, an ceann is suntasaí díobh ná an raon tírdhreacha atá ar fáil i ngar do na stiúideonna. Is domhan an-fháilteach é.”
Michael Hurst, Cruthaitheoir an chláir Vikings
Tá Cill Mhantáin, ar thug Jane Seymour “Hollywood na hEorpa” air, ina baile do líon mór láithreacha scannán agus teilifíse mór le rá, ar nós Michael Collins (1996, le radharc ríthábhachtach i gCearnóg Ráth Droma), Dancing at Lughnasa (1998) agus Camelot (2001). Tá Teach agus Gairdíní Chill Ruaidhrí (The Tudors, Camelot, Far and Away, agus My Left Foot, i measc cinn eile) agus Teach Chúirt an Phaoraigh ar dhá cheann de na láithreacha scannáin tithe móra is fearr.
Sléibhte
Garbha


Bhí Sléibhte áille Chill Mhantáin mar chúlra ag go leor léiriúchán ar fud réimse seánraí, ar nós an sárscannáin ficsean-eolaíochta iar-apacailiptigh Reign of Fire le Christian Bale, mórscannáin stairiúla cosúil le Vikings, agus scannáin rómánsacha cosúil le ‘P.S. I Love You’ or ‘Irish Wish’.
Foraoisí
Dúrúnda

I scannán clasaiceach John Boorman Excalibur, taispeánadh draíocht agus rúndiamhaireacht choillte Chill Mhantáin agus sa scannán uafáis The Watchers ón mbliain 2024 a stiúir Ishana Shyamalan, léiríodh acmhainneacht an chontae d’atmaisféar scáfar. Idir phlandálacha duillsilteacha dorcha agus choillte darach faoi bhreacsholas na gréine, tá sé ar fad le fáil i gCill Mhantáin.
Cósta
Drámatúil

Tá aillte, cuasa agus tránna le feiceáil feadh 60km de chósta Chill Mhantáin. Tá tránna fada gainmheacha agus uiscí glioscarnach ann ar Chuan an Bhriotáis agus Maigh Eochair, cuaisíní agus aillte atmaisféaracha in aice leis an gCaisleán Dubh i mBaile Chill Mhantáin, agus i bhfad níos mó lena chois sin.
Sráidbhailte
agus Bailte
Gleoite

I gCill Mhantáin, aimseoidh tú gach rud ó thírdhreacha sráide uirbeacha dúghreanta go sráidbhailte gleoite. Cuireadh sráidbhaile Abhóca ar scáileáin idirnáisiúnta sna 1990idí i sár-sraith teilifíse chultais Ballykissangel, agus tá Baile Chill Mhantáin le feiceáil ar an scáileán le fada, i scannáin chlasaiceacha cosúil le The Blue Max in 1966 le George Peppard, agus scannáin níos déanaí cosúil le The Guard sa bhliain 2011 le Brendan Gleeson agus Don Cheadle.
Bhí Hollywood féin Chill Mhantáin, is é sin Cillín Chaoimhín, ar a dtugtar go háitiúil ‘an fíor-Hollywood’, le feiceáil in Dancing at Lughnasa le Meryl Streep agus i léiriúcháin níos déanaí ar nós The Mayfair Witches agus Baltimore. Tá Ráth Droma i lár radharcanna tábhachtacha in Michael Collins agus bhí sé mar chúlra freisin do fhíseán ceoil don móramhrán ‘Stop’ le The Spice Girls sa bhliain 1998.
Tithe Stairiúla


Ba é Teach agus Gairdíní Chill Ruaidhrí an suíomh do The Tudors, Camelot, Far and Away, agus My Left Foot, i measc cinn eile.
Tá Eastát Chúirt an Phaoraigh ar cheann de na láithreacha is mó a scannánaíodh in Éirinn, le léiriúcháin le déanaí lena n-áirítear Cocaine Bear agus Vikings mar aon le sárscannáin mór le rá cosúil le Henry V, le Laurence Olivier ina phríomhaisteoir agus ina stiúrthóir, agus Barry Lyndon le Stanley Kubric.
Ar na tithe séadchomharthaí stairiúla eile iontacha atá i gCill Mhantáin, tá Teach Chúil Aitinn, Teach Russborough agus Teach na Craobhaí.
Tírdhreacha
Fiáine Uisce


Bíonn ról rialta ag aibhneacha fiáine, lochanna agus easanna Chill Mhantáin ar na scáileáin mhóra agus bheaga. Tá eas Chúirt an Phaoraigh le feiceáil i scannáin ar nós Into the West, Willow, Excalibur agus Cocaine Bear agus tá Loch Té le feiceáil mar Fjords i Vikings agus tá Loch Deán le feiceáil sa tsraith theilifíse scáfar The Unreal.
Séadchomharthaí
Nótáilte


Tá raon ollmhór de shuímh uathúla i gCill Mhantáin chun do riachtanais a shásamh, idir thithe solais, phríosúin stairiúla agus chaisleáin ársa. Sean, nua-aimseartha agus gach rud idir eatarthu.