Ráth Droma

Teideal an Léiriúcháin:

Bliain

1996

Suíomhanna eile a úsáideadh sa scannán seo

Ráth Droma
Cliceáil anseo le haghaidh treoracha
Cillín Chaoimhín
Cliceáil anseo le haghaidh treoracha
Bré
Gleann Crí
Loch Deán
an Grianán
Gleann Molúra
Cliceáil anseo le haghaidh treoracha
Achadh Mheánach

Stiúrthóir

Neil Jordan
Féach ar IMDb

Príomh-Aisteoirí

Liam Neeson
Féach ar IMDb
Julia Roberts
Féach ar IMDb
Aidan Quinn
Féach ar IMDb
Alan Rickman
Féach ar IMDb

Achoimre

Beathaisnéis stairiúil Neil Jordan faoin réabhlóideach Éireannach Mícheál Ó Coileáin, an fear a stiúir cogadh treallchogaíochta in aghaidh na Ríochta Aontaithe, a chabhraigh le hidirbheartaíocht a dhéanamh i dtaobh chruthú Shaorstát na hÉireann agus a stiúir an tArm Náisiúnta le linn Chogadh Cathartha na hÉireann.

Cur síos

Nuair a bhíothas á scannánú ar an láthair in Éirinn, bhí déanamh an scannáin Michael Collins ina mhórimeacht nuachta i samhradh na bliana 1995. Cuireadh póstaeir suas ar chuaillí lampa ar fud Bhaile Átha Cliath ag lorg daoine chun oibriú gan phá mar aisteoirí breise do na mór-radhairc slua. B’iontach an fhreagairt a fuair siad, leis na mílte daoine ag teacht chun stair a dtíre a thabhairt chun cuimhne.

Bhí an phríomhpháirt chun bheith ag Kevin Costner ó thús agus tairgeadh do Tom Cruise cameo an Fheallmharfóra a bhí ag Jonathan Rhys-Meyers.

Cé go raibh roinnt radharc brúidiúil foréigin ann, tugadh rátáil an-bhog ‘PG’ don scannán in Éirinn, mar gheall ar a chomhthéacs stairiúil go príomha. D’eisigh an cinsire preasráiteas inar chosain sé a chinneadh, ag maíomh gur scannán fíorthábhachtach é i stair scannánaíochta na hÉireann agus gur chreid sé, “mar gheall ar an ábhar, gur cheart go mbeadh an rogha ag tuismitheoirí a gcinneadh féin a dhéanamh maidir leis an gceist ar cheart dá bpáistí an scannán a fheiceáil nó nár ceart”. Ansin tharla sé gurb é an scannán an dara scannán ba mhó rath a eisíodh in Éirinn riamh.

I mbaile Ráth Droma tháinig nach mór gach duine chun bheith páirteach sa scannán ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Rinne na déantóirí scannán Cearnóg Mhargaidh Ráth Droma a thiontú go cúramach chun bheith oiriúnach don tréimhse agus ghléas na céadta fear ó Chill Mhantáin in éadaí na 1920idí. Tharla an radharc ina léirítear Mícheál Ó Coileáin ag labhairt le slua mór sa chearnóg os comhair Bheár an Iarnróid. Sa radharc seo, rinneadh aithris ar chruinniú poiblí náisiúnach a d’éist le hachainí poiblí ón ‘bhFear Mór’ i bhfabhar conradh chun deireadh a chur leis an gcogadh leis an mBreatain i nGránard in 1922. Thuas staighre i dteach tábhairne an ‘Woolpack’ a taifeadadh an radharc grá idir Liam Neeson agus Julia Roberts.
Rinneadh an luíochán inar gortaíodh Mícheál Ó Coileáin go marfach, a tharla i mBéal na Bláth i gCorcaigh Thiar i ndáiríre, a athdhéanamh i nGleann Chillín Chaoimhín.

Bliain

1998

Suíomhanna eile a úsáideadh sa scannán seo

Bóthar na gCloch, Baile Átha Cliath

Stiúrthóir

James Brown
Féach ar IMDb

Príomh-Aisteoirí

Mel B
Féach ar IMDb
Victoria Beckham
Féach ar IMDb
Emma Bunton
Féach ar IMDb
Mel C
Féach ar IMDb
Geri Halliwell
Féach ar IMDb

Achoimre

Thaifead banna íocónach cailíní na 1990idí an físeán dá singil ‘Stop’ i sráidbhaile Ráth Droma.

Cur síos

In 1998, bhí sráidbhaile Ráth Droma, mar aon le Bóthar na gCloch i mBaile Átha Cliath, mar shuíomh don taifeadadh den fhíseán ceoil d’amhrán na Spice Girls ‘Stop’, a raibh an-ráchairt air. Léirigh sé baill an bhanna ag idirghníomhú le páistí áitiúla i ngníomhaíochtaí éagsúla, cosúil le bheith ag rith timpeall na sráideanna ag damhsa, ag scipeáil le rópa scipeála agus ag imirt chleas na bacóide.