Bearna Bhealach Sailearnáin

Teideal an Léiriúcháin:

Bliain

1995

Suíomhanna eile a úsáideadh sa scannán seo

Cipiúr, Sléibhte Chill Mhantáin, Bearna Bhealach Sailearnáin, an Baile Mór

Stiúrthóir

Mel Gibson
Féach ar IMDb

Príomh-Aisteoirí

Mel Gibson
Féach ar IMDb
Sophie Marceau
Féach ar IMDb
Brendan Gleeson
Féach ar IMDb

Achoimre

Treoraíonn an gaiscíoch Albannach William Wallace a chomhthírigh in éirí amach chun a thír dhúchais a shaoradh ó thíorántacht Rí Éadbhard I Shasana.

Cur síos

Mealladh Mel Gibson chun cuid mhór de Braveheart a scannánú in Éirinn mar gheall ar ghealltanas rialtas na hÉireann go bhfaigheadh sé úsáid chúltaca an airm do na radhairc catha fairsinge, a raibh trodaithe folláine oilte ag teastáil uaidh ina leith. Bhí an oiread sin capall ag teastáil do na radhairc catha gur tugadh cuireadh do gach úinéir capaill i limistéar Chill Mhantáin/Chill Dara páirt a ghlacadh lena gcapaill mar rannpháirtithe breise. Rinne an RSPCA imscrúdú ar an stiúrthóir/léiritheoir Mel Gibson, mar go raibh siad cinnte gur fíorchapaill a bhí sna capaill bhréige a úsáideadh. Níor chreid siad é go dtí gur chuir duine dá chúntóirí fístaifead den scannánú ar an suíomh ar fáil dóibh.

Bliain

2007

Suíomhanna eile a úsáideadh sa scannán seo

Sráidbhaile na Leacan
Eastát Log an Lá – an Tóchar
Bearna Bhealach Sailearnáin
Cliceáil anseo le haghaidh treoracha
Sléibhte Chill Mhantáin
Lochanna Bhaile Coimín

Stiúrthóir

Richard LaGravenese
Féach ar IMDb

Príomh-Aisteoirí

Gerard Butler
Féach ar IMDb
Hilary Swank
Féach ar IMDb

Achoimre

Faigheann baintreach óg amach gur fhág a fear céile nach maireann 10 dteachtaireacht di a bhfuil sé mar aidhm leo cabhrú léi a briseadh croí a mhaolú agus saol nua a thosú.

Cur síos

Tá an scannán féin suite i Nua-Eabhrac, ach nuair a tharlaíonn sé gur turas iontas go hÉirinn atá i gceann de na litreacha, faigheann na cailíní iad féin ag siúl ar Shléibhte Chill Mhantáin. Is i mBearna Bhealach Sailearnáin atá an radharc ina gcasann Holly agus Gerry ar a chéile den chéad uair. Agus iad ag siúl le chéile chun ‘Dún Laoghaire’ a aimsiú tá siad i sráidbhaile álainn na Leacan i ndáiríre, ag breathnú anuas ar locha Bhaile Coimín. Taifeadadh na radhairc tí tábhairne ina bhfuil siad ag canadh agus ag damhsa i dTigh Tábhairne Uí Fhaoláin (Whelan’s) ar Shráid Loch Garman i mBaile Átha Cliath.

Bliain

1998

Suíomhanna eile a úsáideadh sa scannán seo

Bearna Bhealach Sailearnáin
Cliceáil anseo le haghaidh treoracha
Eastát Chipiúr
Cillín Chaoimhín
Cliceáil anseo le haghaidh treoracha
Eastát Log an Lá – an Tóchar

Stiúrthóir

Pat O’Connor
Féach ar IMDb

Príomh-Aisteoirí

Meryl Streep
Féach ar IMDb
Michael Gambon
Féach ar IMDb
Catherine McCormack
Féach ar IMDb
Kathy Burke
Féach ar IMDb
Sophie Thompson
Féach ar IMDb
Brid Brennan
Féach ar IMDb
Rhys Ifans
Féach ar IMDb

Achoimre

Baineann cúigear deirfiúracha nach bhfuil pósta an leas is fearr is féidir as a saol simplí i gceantar tuaithe in Éirinn sna 1930idí.

Cur síos

Tógadh an teachín beag i bPlandáil an Chorónaithe, atá in aice le Bearna Bhealach Sailearnáin i Sléibhte Chill Mhantáin. Úsáideadh Eastát Chipiúr, ar an mbealach ó Bhearna Bhealach Sailearnáin go Mainéar Chill Bhríde, go forleathan mar shuíomh scannánaíochta, go háirithe do na radhairc tine agus damhsa.

Ba é sráidbhaile beag Chillín Chaoimhín a úsáideadh mar shuíomh don sráidbhaile áitiúil. Taifeadadh radhairc bóthair timpeall Bhearna Bhealach Sailearnáin agus Shléibhte Chill Mhantáin. Úsáideadh Eastát Log an Lá agus Loch Deán in aice láimhe, in aice leis an Tóchar, mar shuíomhanna freisin.

Suíomh

Bearna Bhealach Sailearnáin

Cliceáil anseo le haghaidh treoracha