Polasaí Fianán
Céard is fianáin ann?
Is comhad beag téacs é fianán a iarrann cead chun bheith curtha ar thiomántán crua do ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar shuímh ghréasáin áirithe. Tá ainm ag fianán agus stórálann sé luach. Mar shampla, ceann de na fianáin a úsáidimid ná “referrerType” agus stórálann sé an leathanach a raibh tú air nuair a chliceáil tú nasc chun cuairt a thabhairt ar ár suíomh gréasáin – cabhraíonn sé linn feiceáil cá as a dtagann ár gcuairteoirí. Le fianáin, ceadaítear d’fheidhmchláir ghréasáin freagairt duit mar dhuine aonair. Is féidir leis an bhfeidhmchlár gréasáin a chuid oibríochtaí a oiriúnú do do riachtanais, don mhéid is maith leat agus don mhéid nach mian leat trí eolas a bhailiú agus a chuimhneamh faoi do chuid roghanna. Ní féidir le fianáin dochar a dhéanamh do do ríomhaire: is iad ceann de na teicneolaíochtaí gréasáin is simplí (agus is sine) iad, a úsáideann milliúin suíomh gréasáin. Ní stórálann fianáin a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo aon fhaisnéis phearsanta inaitheanta (cosúil le d’ainm).
Éag fianán
Bainfear fianáin go huathoibríoch ó do ríomhaire nuair a shroicheann siad a ‘dáta éaga’. Nuair a shocraítear fianán, tugtar dáta éaga dó – seo é an dáta a bhainfidh do bhrabhsálaí go huathoibríoch ó do ríomhaire é.
Nuair a théann tú go suíomh gréasáin arís, is féidir an dáta éaga a nuashonrú chun an fianán a choinneáil.
Is féidir fianáin a shocrú freisin le baint nuair a chuireann tú deireadh le do ‘sheisiún’ ar shuíomh gréasáin tríd an suíomh gréasáin a fhágáil. Le roinnt brabhsálaithe, bainfear na fianáin seo nuair a atosóidh tú do bhrabhsálaí (é a dhúnadh agus a oscailt arís) nó an chéad uair eile a atosóidh tú do ríomhaire.
Is féidir leat aon fhianáin atá ann cheana a scriosadh de láimh atá stóráilte ar do ríomhaire – féach an doiciméadacht chabhrach do do rogha brabhsálaí chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le fianáin a scriosadh, a chumasú agus a dhíchumasú.
Mar a úsáidimid fianáin
Déanann Fís Chill Mhantáin fianáin a úsáid chun cuimhneamh ar an uair ar thug tú cuairt ar ár suíomh roimhe seo agus chun faisnéis anailíseach a bhailiú ar mar a úsáideann tú ár suíomh gréasáin – mar shampla cé na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu. Úsáidimid an fhaisnéis seo chun cabhrú linn foghlaim faoinár n-úsáideoirí agus ár suíomh gréasáin agus ár seirbhísí a fheabhsú.
Is féidir leat rogha a dhéanamh fianáin a ghlacadh nó a dhiúltú. Glacann formhór na mbrabhsálaithe gréasáin le fianáin go huathoibríoch, ach is féidir leat socrú do bhrabhsálaí a mhodhnú de ghnáth chun fianáin a dhiúltú más fearr leat. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tú in ann lánleas a bhaint as an suíomh gréasáin dá thoradh sin.
Is féidir leat freisin aon fhianáin a bhaint ó do bhrabhsálaí a socraíodh trí na suímh ghréasáin a dtugann tú cuairt orthu – féach an doiciméadacht chabhrach do do rogha brabhsálaí.
Fianáin tríú páirtí
Chomh maith lenár bhfianáin féin, oibrímid le seirbhísí tríú páirtí a roghnaíodh go cúramach a d’fhéadfadh fianáin a shocrú freisin nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin – mar shampla Google Analytics.
Cloíonn gach fianán tríú páirtí leis an gcaighdeán céanna lenár gcinn féin – go tábhachtach, ní stóráltar aon fhaisnéis phearsanta inaitheanta i bhfianáin a shocraíonn tríú páirtithe.
Tríú páirtithe a n-oibrímid leo
Google Analytics – Úsáidimid Google Analytics chun cabhrú linn a fheiceáil mar a úsáideann cuairteoirí ár suíomh gréasáin – mar shampla, cé na leathanaigh a bhféachann siad orthu agus cé chomh fada a chaitheann siad ar ár suíomh gréasáin. Ní stóráltar aon fhaisnéis phearsanta inaitheanta agus ní lorgaítear aon fhaisnéis den chineál sin – tá sé go hiomlán anaithnid.
Seirbhísí breise
Cé nach n-úsáideann sé fianáin, úsáidimid uirlis tríú páirtí a fhéachann ar sheoltaí IP inrochtana go poiblí chun tuairim níos fearr a thabhairt dúinn faoi na heagraíochtaí atá ag brabhsáil ar shuíomh gréasáin s’againne. Ní fhaighimid rochtain ar aon fhaisnéis phearsanta fút agus ní stóráláimid aon fhaisnéise den chineál sin.