
- Bliain:
- 2024
- Teideal:
- ‘Sapphire’
- Stiúrthóir:
- M.J. Whelan
Le Duais Gearrscannáin Chill Mhantáin, tacaítear le scannánóirí as Cill Mhantáin atá ag teacht chun cinn chun scannáin ardchaighdeáin bhunaidh a dhéanamh sa chontae. Cuirfear ar a gcumas leis dóibhsean atá ag tús a ngairme cruthaitheach a CV a fheabhsú trí chreidiúint bharrthábhachtach a chur lena n-ainm. Is féidir cur isteach ar an Duais le scannáin insinte, scannáin faisnéise, scannáin dhigiteacha agus scannáin bheochana. Is iad Fís Chill Mhantáin agus Oifig Ealaíon Chill Mhantáin a d’fhorbair an Duais.
Déanann Comhairle Chontae Chill Mhantáin Duais Gearrscannáin Chill Mhantáin a mhaoiniú. Chun iarratas a dhéanamh ar Dhuais Gearrscannáin Chill Mhantáin, téigh chuig an tairseach gréasáin Submittable atá againn trí chliceáil ar an nasc thíos.